Bígí Linn do Pharáid Lá Fhéile Pádraig sa Spidéal!
Dé Máirt, 17 Márta ag 11:40 r.n.
Táimid ag tnúth le Paráid Lá Fhéile Pádraig i mbliana agus ba bhreá linn sibh a bheith páirteach ann!
Beidh lá den scoth i ndán dúinn le:
Siamsaíocht
Péint aghaidhe
Comórtas Flótanna na mBailte
Comórtas don fhuinneog is maisithe
Agus neart spraoi don teaghlach ar fad
Glac Páirt sa Pharáid!
Ar mhaith leat a bheith páirteach i mbliana? Cláraigh do float don pharáid agus bí mar chuid den cheiliúradh!
Déan teagmháil le Pearse ar 083 386 4564 chun d’áit a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil.
Eolas Tábhachtach maidir le Páirceáil
Beidh an phríomhshráid agus an phromanáid dúnta do thrácht agus do pháirceáil ar an lá. Iarraimid oraibh, más féidir, siúl in áit tiomáint.
Seo a leanas na háiteanna páirceála atá ar fáil:
Coláiste Chonnacht (H91 HXD9) - 17 nóiméad siúil (@ 80 spás)
Baile an tSagairt (H91 TRF6) - 15 nóiméad siúil (@ 40 spás)
Baile Árd (H91 FPP6) - 4 nóiméad siúil (@ 30 spás)
Cois Fharraige, Céibh Nua - 3 nóiméad siúil (@ 20 spás)
Scoil Éinne (H91 N9C9) - 2 nóiméad siúil (@ 16 spás)
An Sean-Ché (H91 XC52) - 1 nóiméad siúil (@ 20 spás)
Páirceáil theoranta ar fáil, 4 nóiméad siúil ó Bhaile Eamonn
Is féidir freisin an Bus 424 ó Ghaillimh a úsáid chun teacht chuig an Spidéal.
Bígí linn chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le chéile sa Spidéal, tá fáilte roimh chách!